Preaseisiúint - GNBS: dul chun cinn maidir le baint amach cuspóirí amhail ag deireadh 2021
12 Iúil 2023
Tá measúnú críochnaithe ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar an dul chun cinn atá déanta ag an nGníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní (GNBS) i dtreo a cuspóirí foriomlána a bhaint amach, lena gclúdaítear an tréimhse ó bhunú GNBS go deireadh 2021. Seo í an ceathrú tuarascáil dul chun cinn dá leithéid, agus cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais í inniu.
Bainistíocht agus diúscairt iasachtaí
Is é príomhchuspóir GNBS iasachtaí a bhaineann le maoin agus comhthaobhacht ghaolmhar a fuarthas ó institiúidí airgeadais a bhainistiú, agus ar deireadh thiar na sócmhainní sin a dhiúscairt ar bhealach a fhaigheann an toradh airgeadais is fearr is féidir don Stát.
Fuair GNBS iasachtaí dar luach comhiomlán €74.4 billiún ó na hinstitiúidí airgeadais rannpháirteacha. D’íoc GNBS €31.8 billiún as na hiasachtaí, bunaithe ar a réamh-mheastacháin féin ar shreabhadh airgid na n-iasachtaí. B’ionann é sin agus lascaine 57% ar an bparluach agus, mar thoradh air sin, thabhaigh na hinstitiúidí airgeadais rannpháirteacha caillteanais an-suntasach.
Dhiúscair GNBS an chuid is mó de na sócmhainní a fuair sé mar thoradh ar dhíolacháin iasachta nó ar dhíolachán sócmhainní comhthaobhachta. Tháinig laghdú ar luach tugtha anonn iarmhéideanna iasachta féichiúnaithe GNBS go dtí thart ar €715 mhilliún faoi dheireadh 2021.
Caillteanas ar dhíolachán iasachta in 2021
Le linn an iniúchta ar na ráitis airgeadais don bhliain 2021, tugadh faoi deara go raibh díolachán iasachtaí ar chomaoin €265,000 tugtha chun críche ag GNBS, rud a d’fhág go raibh caillteanas beagán faoi bhun €6 mhilliún ag GNBS. Níor cuireadh na hiasachtaí ar an margadh go hoscailte roimh an díol, mar a éilítear de ghnáth faoi bheartas díola iasachta GNBS.
Fuarthas amach ó scrúdú ar na taifid díolacháin iasachtaí go raibh na féichiúnaithe go láidir in aghaidh imeachtaí forfheidhmithe. D'éirigh glacadóir a cheap GNBS as oifig toisc gur thit díolachán beartaithe cuid de na sócmhainní comhthaobhachta as a chéile. Choimisiúnaigh GNBS luacháil neamhspleách deisce ar na sócmhainní a bhí fágtha, inar cuireadh luach margaidh de €1.3 milliún ina leith ach inar luadh ‘nach dócha go mbainfear amach na luachanna seo choíche nó go ndiúscrófar na tailte fad is a leanann na bagairtí agus an t-imeaglú ar aghaidh’. Níor cuireadh síos sa tuarascáil luachála ar aon chásanna sonracha de bhagairtí agus imeaglú líomhnaithe.
Tar éis tairiscint ó na féichiúnaithe, d’aontaigh GNBS leis na hiasachtaí a dhíol le cuideachta nuachorpraithe a tuigeadh a bheith á cur chun cinn agus á maoiniú ag gaol teaghlaigh leis na féichiúnaithe.
Lorgaíodh agus fuarthas ceadú Bhord GNBS maidir leis na téarmaí díolacháin a bhí beartaithe. Leagadh amach sa pháipéar chuig an mBord an réasúnaíocht le díol na hiasachta a bhí beartaithe a mholadh, á lua go raibh sé níos fearr ná roghanna eile a bhí ar fáil do GNBS.
Ráta toraidh
Tá cuspóir reachtúil ag GNBS an toradh airgeadais is fearr is féidir a bhaint amach don Stát. Is tomhas caighdeánach toraidh airgeadais é an ráta toraidh inmheánach (IRR) ar infheistíochtaí a bhaineann le réadmhaoin (agus infheistíochtaí eile). Níl sprioc IRR leagtha síos ag GNBS dá chuid oibríochtaí.
Nuair a bhí GNBS ag fáil na n-iasachtaí ó na hinstitiúidí airgeadais, bhí na suimeanna a d’íoc sé as na hiasachtaí bunaithe ar IRR intuigthe 5% a bheith bainte amach ag GNBS. Ag deireadh 2021, ríomhadh go raibh an IRR réamh-mheasta ar oibríochtaí foriomlána GNBS cothrom le thart ar 6.7%.
Ag deireadh 2021, mheas Bord GNBS go bhfaigheadh sé barrachas €4.3 billiún ar chríochnú obair na Gníomhaireachta. I mí an Mheithimh 2022, mhéadaigh GNBS an barrachas saolré réamh-mheasta go €4.5 billiún.
Cuspóirí tánaisteacha
Ghlac Bord GNBS mar chuspóirí tánaisteacha forbairt cóiríochta oifige i mBaile Átha Cliath a éascú, agus seachadadh tithíochta a éascú, faoi réir na hinmharthanachta tráchtála.
Forbairt tráchtála i mBaile Átha Cliath
Bhí leas ag GNBS i sciar suntasach den talamh neamhfhorbartha i gcrios forbartha straitéisí Dhugthailte Bhaile Átha Cliath. D'ullmhaigh an Ghníomhaireacht plean gnó inar leagadh amach moltaí d'fhorbairt na talún atá i gceist, ach ní raibh spriocanna foirmiúla ar áireamh ann. Ag deireadh 2021, rangaíodh 84% den achar suímh a raibh leas ag GNBS ann mar ‘forbairt críochnaithe’ agus/nó díolta. Faoi dheireadh na bliana 2022, ní raibh ach suíomh amháin sa chrios forbartha straitéisí a raibh leas ag GNBS ann fós gan forbairt. B’ionann an suíomh sin agus 3% de bhunlimistéar sprice GNBS le haghaidh forbartha.
Ag deireadh 2021, bhí scairsheilbh 20% ag GNBS i gcuideachta a bhunaigh sé chun talamh a shealbhú i gcrios forbartha straitéisí an Phoill Bhig Thiar, rud a bhfuil acmhainneacht aige le haghaidh forbairt shuntasach tráchtála agus chónaithe.
Seachadadh tithíochta sóisialta
Leag GNBS sprioc síos chun 2,000 aonad tithíochta sóisialta a sholáthar faoi dheireadh 2015, agus baineadh an sprioc sin amach. Faoi dheireadh na bliana 2021, sheachaid GNBS 2,621 aonad san iomlán do thithíocht shóisialta d’údaráis áitiúla nó do chomhlachtaí tithíochta ceadaithe, agus bhí 66 aonad bhreise ann ag céim an chonartha. Is trína fhochuideachta, Seirbhísí Maoine Cónaithe Sócmhainní Náisiúnta DAC (NARPS) atá beagán os cionn leath na tithíochta sóisialta ar fad a sholáthraíonn GNBS. Tá sé i gceist go nglacfaidh an Ghníomhaireacht Forbartha Talún freagracht as NARPS mar chuid d’fhoirceannadh GNBS.
Seachadadh aonad cónaithe tráchtála
Leag GNBS sprioc dhúshlánach amach di féin chun 20,000 aonad cónaithe tráchtála a sheachadadh ar shuíomhanna a bhfuil leas aige iontu sa tréimhse cúig bliana 2016 go 2020. Níor bhain GNBS an sprioc sin amach. Amhail deireadh 2021, bhí 11,049 n-aonad seachadta aige ar shuíomhanna a bhfuil leas aige iontu. Is ionann é sin agus seachadadh 55% den sprioc, bliain níos moille ná mar a tuaradh ar dtús.
Measann GNBS, agus faireachán á dhéanamh ar bhaint amach a sprice cónaithe de 20,000 aonad, gurb iomchuí 9,971 aonad a tógadh ar shuíomhanna a dhíolann féichiúnaithe/glacadóirí GNBS a chur san áireamh freisin. Mar sin féin, ní comparáid 'iontamhla' é seo, toisc nár cuireadh aonaid den sórt sin san áireamh nuair a leagadh síos an sprioc bhunaidh.
Nótaí d'Eagarthóirí
Is oifigeach bunreachtúil neamhspleách ar a bhfuil freagracht as iniúchadh a dhéanamh ar chistí poiblí é an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Tuairiscíonn sé do Dháil Éireann.
Tá téacs iomlán na tuarascála ar fáil anseo.
Ba cheart ceisteanna faoin tuarascáil a chur ar Patricia Devlin ag (01) 8638634 nó ag patricia.devlin@audit.gov.ie